100% Funded

0%

Target: €3000

100%

€3,000 Raised

Complete

38 Funders

Albam nua Rís. New album from Rís

By Rís

description

Dia dhaoibh, is muide Rís. Breandán Ó hEaghra, Richie Ó hEadhra, PJ McDonagh & Pat Ó Neill - banna ceoil rac comhaimseartha as Conamara. Tá Rís ar an bhfód le roinnt blianta anuas ach le cúpla bliain anois, tá muid tar éis roinnt athraithe a dhéanamh ar an mbanna. Tá muid tar éis cur lenár mbaill agus tá athrú fuaime/stíle déanta againn freisin. Tá muid faoi thionchar an rac cheol faoi láthair & faoi dhraoícht an teanga & na carachtair atá thart timpeall orainn.

Ba bhé 'Heileo Campello' an chéad albam a thaifead muid & is é 'An Fear nár mhair ach soicind' an ceann is déanaí a d'eisigh muid. Tá muid anois tar éis tamall a chaitheamh ag scríobh amhráin nua agus ag obair go crua ar an bhfuaim a bheas mar thionlacan leo. Tá muid réitigh na hamhráin seo a thaifead agus muid ar bís iad a roinnt leis an bpobal. Cosnóidh an próiseas níos mó ná €3,000 orainn & tá muid ag iarraidh cúnamh an phobail cuid de a bhailiú. Íocfaidh an €3K sin as an taifead, an máistriú agus an priondáil do líon áirithe d'eagrán teoranta den albam a bheas muid a bhronnadh orthu siúd a dhéanfas tabhartas a thabhairt.

Tá muid dóchasach go mbeidh muid in ann albam fíor chumasach a thaifead a bheadh in ann seasamh srón le srón le albam rock ar bith eile in aon teanga eile, ach tá bhur gcabhair uainn a dhaoine uaisle. Is cuma cé mhéad é féin, bheadh muid fíor bhuíoch as an tacaíocht.

Hi there, we are Rís, Breandán Ó hEaghra, Richie Ó hEadhra, PJ McDonagh & Pat Ó Neill, a rock band from Connemara with a touch of Wicklow who simply do rock as Gaeilge.

Our first album was called 'Heileo Campello' & our most recent offering was "An Fear nár mhair ach soicind". We have worked hard in recent times on our sound and are now ready to record our latest album. The whole process will cost upwards of €3,000 & we are asking the public to help us fund our project. The breakdown is simple, the recording, mixing and mastering and the printing of a limited edition version of the album (hard copy) will cost €3,000 plus. We will be giving the albums as rewards to those who support the project.

We are confident we can produce a quality album that will go toe to toe with any other rock album out there in any language BUT we need your help and generosity to get us over the line. Regardless of how much the amount you sponsor us, we will sincerely appreciate the assistance.

Go raibh míle maith agaibh.

rewards