103% Funded

0%

Target: €5000

100%

€5,167 Raised

Complete

90 Funders

Goitse

By Danny Brown

description

Goitse was started in April 2010 as a monthly newspaper for the “three parishes” in the Donegal Gaeltacht, Na Rosa, Cloch Cheannfhaola and Gaoth Dobhair. It was ended in June 2011 due to lack of funding.

We have been asked to make another attempt to publish Goitse and, as a result, we plan to bring out three more editions, starting in December 2013 and then in January and February 2014.

As before, there will be news stories, feature articles, columns, sport, literature and lifestyle features as well as plenty of photographs in the 16 page full-colour publications.

After our recent very positive and effective public meeting in Gaoth Dobhair, we are sure that we have the support of the local community and that we can provide even wider coverage of local events.

We believe that is important that there should be a newspaper providing news and opinions in Irish to the Gaeltacht community and we are prepared to undertake this with the backing of the local community and the wider Irish language community.

Therefore, we ask you to support this project and fund Goitse to keep Irish language journalism in the Gaeltacht alive.

_____

Bunaíodh Goitse i mí Aibreáin 2010 mar pháipéar nuachta míosúil do “na trí paróistí” i nGaeltacht Dhún na nGall, na Rosa, Cloch Cheannfhaola agus Gaoth Dobhair. Cuireadh deireadh leis i mí Meithimh 2011 de thairbhe nár éirigh linn maoiniú a fháil.

Iarradh orainn iarracht eile a dhéanamh agus, dá bharr sin, tá rún againn trí eagrán eile a thabhairt amach, ag toiseacht i mí na Nollag 2013 agus ansin i mí Eanáir agus mí Feabhra 2014.

Mar a bhí roimhe seo, beidh scéalta nuachta, gné-ailt, colúin, spórt, litríocht agus stíl bheatha agus go leor grianghraf fánár mbráid sa pháipéar lán-daite 16 leathanach.

I ndiaidh muid cruinniú poiblí iontach dearfach éifeachtach a bheith againn i nGaoth Dobhair ar na mallaibh tá muid cinnte de go bhfuil an tacaíocht againn ón phobal áitiúil agus go mbeidh cumhdach níos leithne againn ar imeachtaí an cheantair.

Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh páipéar nuachta ag soláthar nuachta agus tuairimí as Gaeilge do phobal na Gaeltachta agus tá muid sásta iarracht eile a dhéanamh tabhairt faoi sin le tacaíocht ón phobal sin agus ó phobal na Gaeilge ar fud na tíre.

Mar sin de, iarrann muid ort tacaíocht a thabhairt don tionscnamh seo agus maoiniú a dhéanamh ar Goitse le iriseoireacht na Gaeltachta a choinneáil ag gabháil.

_____

rewards

activity

Nuashonrú

Chuaigh an chéad eagrán den triúr a gheall muid amach Dé hAoine. Go raibh míle maith agaibh arís. Tá go leor daoine atá i dteideal páipéar a fháil sa phost, nó atá i dteideal páipéar agus mála a fháil mar dhuaiseanna nach raibh i dteagmháil linn le seoladh baile. Má chuireann tú na sonraí chuig eolas@goitse.org, cuirfidh muid do dhuais sa phost chugat sa bhliain úr. Nollaig mhór mhaith agus bliain úr shona shásta daoibh uilig!

Thank you

It has just been pointed out to me that some of the funders have no Irish and will have been receiving these updates without understanding them. We have been very busy publicising the campaign in the Irish language media and it slipped my mind. Thank you all for the wonderful support you have given this project. Now the hard work starts! Míle buíochas

Maith sibh!!!

Bhal, tá sé déanta agaibh! Bhain muid an sprioc amach. Tá an €5000 geallta agus anois caithfidh muid páipéar nuachta a chur amach arís! Buíochas ó chroí do achan uile dhuine agaibh!

Ceann scríbe?

Bhí cruinniú eile poiblí againn aréir san Acadamh i nGaoth Dobhair agus tá go leor rudaí socruithe. Tá lainseáil le bheith againn beo ar an aer ar Raidió na Gaeltachta le linn Chóisir na Nollag Rónán Beo ag a 3 ar an 20ú Nollaig. Déanfaidh Mairead Ní Mhaonaigh an lainseáil oifigiúil. Agus rachaidh an páipéar amach chuig na siopaí, bialanna, ionaid phobail 7rl ar an lá céanna. Cé nach bhfuil achan phighinn istigh againn, tá muid 100% cinnte go mbeidh fán am sin agus tá muid thar a bheith buíoch d'achan duine agaibh a gheall tacaíocht dúinn. Chuir muidne dúshlán romhaibh agus anois tá an dúshlán romhainn. Déanfaidh muid ár ndícheall agus is beag duine ar féidir leis níos fearr ná sin a dhéanamh! Go raibh míle maith agaibh uilig a sheas linn! Hup!

Cruinniú poiblí eile

Níl stad ar bith leis seo! Bhí mé ar Cormac ag a 5 inné agus chuir iriseoir as an Donegal Democrat agallamh orm faoin iarratas seo. Beidh alt faoi sa pháipear Déardaoin. Oíche Dhéardaoin, beidh cruinniú poiblí eile againn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair ag a 8 leis an chéad eagrán eile a phleanáil.

Nuashonrú

Tá suíomh úr idirlín s'againn beo anois! Chuir muid samplaí de shean-eagráin de Ghoitse suas air ar eagla nach raibh an páipéar feicthe ag daoine. Is féidir iad a bhrabhsáil ar www.goitse.org. Bhí mé ar Barrscéalta ar maidin ag caint air seo agus ar chruinniú eile poiblí a bheas againn Déardaoin na seachtaine seo chugainn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, ag toiseacht ar a 8.00in. Fáilte roimh achan duine

Nuacht TG4

Beidh mé ar Nuacht TG4 anocht ag a 7, ag caint ar an fheachtas seo.

Deá-scéala!

A leithéid de lá! Tá muid anois ar 36% den sprioc agus rudaí ag amharc go maith! Bhí mé ar Raidió Fáilte agus ar BBC Raidió Uladh inné ag caint ar an fheachtas seo. Mothaíonn an fhoireann uilig iontach dearfach. Cheannaigh mé suíomh idirlín don pháipéar fosta inné agus beidh níos mó eolais faoi sin amach anseo. Chomh maith leis sin, chuir stócach as Port Láirge nach raibh aithne againn air an físeán seo suas ar You Tube http://www.youtube.com/watch?v=VQmV1O9-Fc0 Ní thiocfadh leat poiblíocht mar sin a cheannacht!

BBC Raidió Uladh anocht

Beidh mé ar Blas ar BBC Raidió Uladh anocht ag a 7 ag caint ar fheachtas fundit le Goitse a thabhairt ar ais. Éistigí isteach más féidir libh. Bhain muid 33% den sprioc amach inniu. Maith sibh!

uasdátú

Tá 24%, nó €1225, den sprioc bainte amach againn. Go raibh míle maith agaibh uilig a scaip an scéal agus a gheall maoiniú!

Raidió na Life

Beidh mé ar Raidió na Life idir 7 agus 7.30in inniu le labhairt faoin fheachtas le Goitse a thabhairt ar ais.

Rónán Beo @ 3

Beidh mé ar Rónán Beo @ 3 inniu ar Raidió na Gaeltachta le píosa a dhéanamh faoin fheachtas le Goitse a thabhairt ar ais.

Scéal úr te bruite

Tá An Tuairisceoir, an tseirbhís nuachta agus tuairimí ar líne a cuireadh ar bun nuair a cuireadh deireadh le Gaelscéal, i ndiaidh an t-alt seo faoi Goitse a chur suas ar a suíomh idirlín. Nasc thíos http://antuairisceoir.com/2013/11/12/goitse-ar-ais/

16% bainte amach

Agus me ag scríobh seo, tá 16% den sprioc geallta dúinn. Ba mhaith le foireann Goitse buíochas ó chroí a thabhairt do achan duine a gheall maoiniú dúinn agus iarraidh oraibh an nasc seo a chur suas ar bhur leathanach Facebook nó Tweet a dhéanamh fá dtaobh dúinn go rialta. Míle buíochas daoibh uilig.

funders (90)

There are 78 public funders of this project


There are 12 anonymous funders of this project

anonymous

anonymous

anonymous

anonymous

anonymous

anonymous

anonymous

anonymous

anonymous

anonymous

anonymous

anonymous