Is stáisiún pobail Gaeilge muid lonnaithe i gcathair na Gaillimhe. Le tamaill anuas tá Raidió na dTreabh ag feidhmiú agus ag taifead i stiúideo FlirtFm agus táimid fíorbhuíoch as a gcúnamh go dtí seo. Tá foireann láidir againn idir láithreoirí agus léiritheoirí le taithí craoltóireachta agus sna meáin go ginearálta. Táimid ag tnúth leis an bhfoireann seo a fhorbairt agus traenáil a chur ar fáil dóibh siúd atá taithí uathu.
Tá fás agus forbairt sciobtha ag teacht ar an stáisiún agus faoi láthair, an fhadhb is mó ná nach mbíonn ach cúpla uair an chloig in agdhaidh na seachtaine ar fáil sa stiúideo agus mar sin níl muid in ann freastal ar líon na ndaoine atá ag iarraidh cláir agus agallaimh a thaifead linn. Mar sin tá sé beartaithe againn airgead a thiomsú ar mhaithe lenár dtrealamh stiúideo féin a fháil chomh maith le costais eile a chlúdú a mbaineann le stiúideo feidhmeach a bhunú. Buíochas le Áras na nGael, tá spás againn dár stiúideo nua cheana. Tabharfaidh sé seo saoirse dúinn ó thaobh sceidealú agus líon na gclár a bheidh á gcur ar fáil agus beidh muid in ann forbairt a dhéanamh ar an bhfoireann agus na deiseanna a bheidh á gcrúth againn.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh ar fad as tacaíocht a thabhairt don stáisiún go dtí seo agus amach anseo.
- - - - - - - -
Raidió na dTreabh is an Irish language community station, currently recording in FlirtFM studios, Galway. Whilst we are very grateful of their support, we are quickly outgrowing the few slots a week available to us and would like to put together our own studio so as to allow us develop and improve our schedule as well as increasing the number of opportunities we can offer those who are and who wish towork with us.
We have a strong team of presenters and producers with experience in broadcasting and the media. We also hope to develop and grow this team by providing training for those who are starting out and seeking experience. FundIt will help us buy our own studio equipment and will cover other costs of setting up and running a radio station, which will be based in Áras na nGael in Galway city.
We would like to thank you all for your continued support and ask that you invest in this wonderful project that has endless possibilities to offer the local community.
http://rnadtreabh.wix.com/raidionadtreabh
https://www.facebook.com/raidionadtreabh/?fref=ts
soundcloud.com/raidionadtreabh